Survey: Irish-Language Creators in Dublin / Suirbhé: Cruthaitheoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath
Are you a creative or artist working through the Irish language in Dublin?
Dublin City Council Arts Office is inviting Irish-language artists and creators working in Dublin City to take part in a short survey exploring the experiences, challenges, and needs of creators working through Irish.
The survey will take approximately 5 minutes to complete. Your responses will be instrumental in informing future supports, resources, and opportunities for Irish-language arts in Dublin City, and will help us better understand how the city can support a thriving and visible Irish-language creative sector.
We welcome responses from artists across all creative disciplines, whether you work primarily through Irish, partially through Irish, or are interested in developing Irish-language work in the future.
Take part in the survey to help shape the future of the Irish language arts in Dublin City!
An bhfuil tú i d’ealaíontóir ag obair trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath?
Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag tabhairt cuireadh d’ealaíontóirí agus do chruthaitheoirí Gaeilge atá ag obair i gCathair Bhaile Átha Cliath páirt a ghlacadh i suirbhé gairid a dhéanann iniúchadh ar thaithí, ar dhúshláin agus ar riachtanais na gcruthaitheoirí atá ag obair trí Ghaeilge.
Ní thógfaidh an suirbhé ach thart ar 5 nóiméad le comhlánú. Beidh bhur bhfreagraí ríthábhachtach chun tacú le forbairt acmhainní, tacaíochtaí agus deiseanna amach anseo d’ealaíona Gaeilge i gCathair Bhaile Átha Cliath, agus chun tuiscint níos fearr a thabhairt dúinn ar an gcaoi ar féidir leis an gcathair tacú le hearnáil chruthaitheach Ghaeilge atá rathúil agus infheicthe.
Cuirimid fáilte roimh fhreagraí ó ealaíontóirí i ngach disciplín chruthaitheach, má oibríonn tú go príomha trí Ghaeilge, go páirteach trí Ghaeilge, nó má tá suim agat obair trí Ghaeilge a fhorbairt amach anseo.
Glac páirt sa suirbhé chun todhchaí na n-ealaíon Gaeilge i gCathair Bhaile Átha Cliath a mhúnlú!




