Skip to main content

Is cuid bhunúsach d’fhéiniúlacht Bhaile Átha Cliath í oidhreacht chultúir agus ealaíon na cathrach. Tá cáil ar ár gcathair mar áit nua-aimseartha bhríomhar le maireachtáil inti, le hoibriú inti agus le cuairt a thabhairt uirthi.

Trí oibriú i gcomhpháirtíocht le cleachtóirí agus le heagraíochtaí ealaíon, is féidir linn a chinntiú go mbeidh na healaíona ina gcuid ríthábhachtach de Bhaile Átha Cliath i gcónaí. Cuidíonn Oifig Ealaíon na Cathrach le healaíontóirí agus le pobail an méid a chuireann siad leis na healaíona agus a gcuid eispéireas leis na healaíona a fheabhsú.

Is cuid de Roinn Cultúir, Áineasa, Conláistí agus Pobail Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath í Oifig Ealaíon na Cathrach. Tá sainchúram speisialaithe uirthi chun na nithe a leanas a dhéanamh: 

  1. Na healaíona a chleachtadh - trí thacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon, mar shampla
  2. Rannpháirtíocht sna healaíona - tacú le daoine agus le grúpaí ar mian leo tionscadal ealaíon a fhorbairt, bíodh sé sin faoi stiúir an phobail nó ná bíodh, nó tacú leo siúd ar mian leo treoir a fháil maidir le foghlaim faoi na healaíona 
  3. Lucht féachana agus éisteachta a fhorbairt do na healaíona - bíodh siad i scoileanna, i bpobail nó i gcúrsaí gnó
  4. Oibriú le Rannóga eile sa chathair chun an leas is mó is féidir a bhaint as deiseanna don phobal a bheith rannpháirteach sna healaíona, agus, go háirithe, chun rochtain ar na healaíona a fheabhsú

Oibríonn Oifig Ealaíon na Cathrach i gcomhpháirtíocht le rannóga eile i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus go háirithe leo siúd a bhaineann le cláreagrú agus soláthar.

Áirítear orthu sin ach níl siad teoranta do na rannóga a leanas:

An Rannóg Pleanála
Oidhreacht
Seandálaíocht
Pobal
An Ghaeilge
Féilte agus Imeachtaí
Leabharlanna na Cathrach
Dánlann Hugh Lane
Páirceanna na Cathrach
City Architects

Ag teacht le cuspóirí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath mar a léirítear iad sa Phlean Ealaíon 2014-2018, tá na croí-inniúlachtaí seo a leanas ríthábhachtach ionas go n-éireoidh le hiarratais chuig Eagraíochtaí Deontas Ioncaim Oifig Ealaíon na Cathrach.

  1. Ceannaireacht Straitéiseach: inoiriúnaitheacht agus rannchuidiú le hinbhuanaitheacht agus forbairt bhonneagar ealaíon na cathrach.
  2. Na hEalaíona a Fhorbairt agus Rannpháirtíocht Phoiblí: tacú le rochtain, feasacht agus tuiscint ar na healaíona, i bhfianaise an nasc is féidir a léiriú idir sármhaitheas agus rochtain.
  3. Comhpháirtíocht: spreagadh agus deiseanna a sholáthar don earnáil ealaíon.