Maidir le Dánlann The LAB

Bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath LAB in 2005 mar mhol ealaíon cathrach. Tá gailearaí ann, chomh maith le spásanna cleachtaidh agus goir le haghaidh raon foirmeacha ealaíne. Tacaíonn Gailearaí LAB le cleachtais ealaíne atá ag teacht chun cinn agus soláthraíonn sé clár imeachtaí saor in aisce do gach aoisghrúpa ó thús deireadh na bliana. Faigheann Gailearaí LAB tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Taispeántais ag Gailearaí LAB
Roghnaítear taispeántais ó thograí agus trí chuireadh díreach a thugtar ocht mí dhéag roimh ré, de ghnáth. Spreagaimid go gníomhach comhoibriú ar fud na bhfoirmeacha ealaíne agus oibrímid le healaíontóirí a fhaigheann spreagadh ó dhian-fhiosrúchán. I gcomhréir le Plean Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, dírímid ar a bheith ag obair le healaíontóirí atá ag céimeanna criticiúla i bhforbairt a gcleachtas, mar shampla, a gcéad seó aonair a reáchtáil, nó deis a thabhairt d’ealaíontóirí atá níos bunaithe ina gcleachtas triail a bhaint as rud éigin nua. Bhí a gcéad seó aonair ag Gailearaí LAB ag ealaíontóirí amhail Vera Klute, Lee Welch agus Bea McMahon. Déanaimid scríbhneoireacht nua a choimisiúnú le gach taispeántas nua freisin agus forbraímid imeachtaí agus cláir oideachais a chuirtear le chéile go cúramach chun spásanna a chur ar fáil le tabhairt faoi fhiosrú, comhroinnt, súgradh, triail agus díospóireachtaí faoin ealaín agus faoi na smaointe ar gnéithe dílse de na taispeántais iad.
Comhpháirtithe
Is mian linn aitheantas a thabhairt don tacaíocht a fuarthas ónár bpríomhchomhpháirtithe, lena n-áirítear GradCAM, ag comhdhálacha agus imeachtaí éagsúla; tacaíocht a thug Create, NCAD, IADT agus DIT don Chlár Forbartha Foghlama Create, agus tacaíocht don chlár Ealaín san Eolaíocht de chuid COBÁC in 2015. Bhí Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus Ard-Mhúsaem na hÉireann i measc ár bpríomh-chomhpháirtithe in 2016. Tá clár Máistreachta ó IADT, ar tugadh MAVIS air roimhe sin, á óstáil againn ó 2008 i leith, agus tá Comhoibriú Ealaíne agus Taighde á óstáil againn ó 2014 i leith. Príomhchlár ag LAB is ea ár rannpháirtíocht sa tionscadal oideachais ealaíon, Tionscadal 20/20.
Clár Máistreachta ARC, IADT
Is clár múinte atá bunaithe ar chleachtas agus dírithe ar thaighde é an cúrsa Máistreachta Ealaíon dar teideal Comhoibriú Ealaíne agus Taighde (ARC) ag an Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT). Soláthraítear an clár thar thréimhse dhá bhliain agus cuimsítear ann comhpháirtíochtaí tionscadail le hOifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, faoi stiúir LAB, Institiúid Scannán na hÉireann (IFI) agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA). Bíonn múinteoireacht ar siúl ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí an Mheithimh.