Stiúideonna Ealaíontóra
Is í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an soláthróir is mó de Stiúideonna Ealaíontóra ar fud Bhaile Átha Cliath, trí sholáthar díreach nó ceadúnais fhadtéarmacha agus ghearrthéarmacha.
Is í an Chomhairle Cathrach an soláthróir is mó de spásanna cultúir ar fud na cathrach freisin, lena n-áirítear Dance House, ceanncheathrú Dance Ireland, The Ark, Project Arts Centre, Film Base agus go leor spásanna eile ar cuid den phunann réadmhaoine i mBarra an Teampaill agus sa cheantar máguaird iad.
Sa liosta seo a leanas, tá go leor spásanna agus foirgneamh atá ceadúnaithe d’eagraíochtaí a bhainistíonn agus a ritheann na spásanna sin ar bhonn neamhspleách. Chun a thuilleadh eolais faoi infhaighteacht, iarratais agus seirbhísí a fháil, moltar duit dul i dteagmháil le gach eagraíocht go díreach.