Skip to main content

Is í an fhoireann seo, a chuimsíonn na hOifigigh Ealaíon agus Riarthóirí, a sholáthraíonn an clár tionscadal ealaíon do Chathair Bhaile Átha Cliath ó thús deireadh na bliana.

Ray Yeates

Tá foireann faoi stiúir Oifigeach Ealaíon na Cathrach, Ray Yeates, i gceannas ar Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath.

D’oibrigh Ray sna hEalaíona ó d’fhág sé COBÁC in 1977. Chonacthas a chuid oibre san amharclannaíocht sa Ríocht Aontaithe, sna SA, san Afraic Theas agus sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa tSualainn agus sa Spáinn. Bhí a chuid oibre mar Stiúrthóir ar Axis, Baile Munna, 2004 2011 ina cuidiú chun Axis a bhunú mar Ionad Ealaíon príomha i mBaile Átha Cliath agus leis sin athraíodh a intinn maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann le rochtain, ionchuimsiú agus sármhaitheas Cultúrtha. Ceapadh ina Oifigeach Ealaíon Cathrach é i mí Mheán Fómhair 2011.

Ray yeates
Shape graphic

Sinéad Connolly

Chuaigh Sinéad Connolly isteach san Oifig Ealaíon in 1999 mar Oifigeach Ealaíon Óige agus Pobail agus in 2006 ceapadh ina hOifigeach Cúnta Ealaíon í. D’oibrigh sí roimhe sin sa réimse a bhaineann le léiriú na dTaibh ealaíon agus na nEalaíon Sráide agus bainisteoireacht stáitse, agus tá céim aici sa Chumarsáid agus tá iarchéim aici i mBeartas Cultúrtha agus Riar na nEalaíon.

Is í atá ina ceannaire tionscadail freisin ar roinnt féilte atá á dtionscnamh ag an Oifig Ealaíon lena n áirítear Féile Idirnáisiúnta Litríochta, Baile Átha Cliath, Musictown agus níos déanaí fós, Brigit. Ba í a bhí i gceannas ar an gclár ealaíon agus coimisiúnaithe ildisciplíneach uilechathrach do leanaí, Ealaíona na Leanaí i Moil Chruthaitheacha na Leabharlann, agus a d’fhorbair an clár céanna, i gcomhar le Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath. Ba í a bhí ina comhcheannaire ar bhunú Chomhpháirtíocht Oideachais Ceoil Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath, rud a dhéanann maoirseacht ar Music Generation Dublin City. Thar ceann na hOifige Ealaíon, bhunaigh agus bainistíonn sí an Dámhachtain Spáis Goir, rud a thacaíonn le taighde agus forbairt agus cleachtas comhoibríoch. Le blianta beaga anuas, d’oibrigh sí ar na próisis chomhairliúcháin lena ndearnadh eolas do Phlean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath: Cultúr 2022-28, ar ina dhiaidh sin a bhí sí ina ceannaire tionscadail ar fhorbairt an Tacair Uirlisí, Cultúr agus na Treorach. Chun teacht ar fhaisnéis agus treoir maidir le forbairt agus maoiniú ealaíon, comhpháirtíocht straitéiseach do thionchar, nó forbairt bonneagair ealaíon/chultúrtha, déan teagmháil le Sinead.connolly@dublincity.ie

Sinead connolly
Shape graphic

Liz Coman

Tá Liz Coman ina hOifigeach Cúnta Ealaíon do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.  Is í atá ina bainisteoir san earnáil chruthaitheach, ealaíon agus oideachais a chlúdaíonn dhá scór bliain agus í i mbun cláir áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhearadh.  Mar chomhalta den fhoireann in Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath, tacaíonn sí le pleanáil agus forbairt straitéiseach agus soláthraíonn sí cláir spriocdhírithe oibre lena n‑áirítear beartais, deontais, taighde agus tionscnaimh sparánachta.  

Tá sí inniúil ar phrótacail riaracháin na hearnála poiblí agus bainistíocht buiséid agus forbraíonn sí líonraí agus caidrimh ar fud réimse leathan páirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí, de chineál rialtais agus neamhrialtais, ceardchumainn, gnólachtaí, de chineál deonach, grúpaí pobail a thairgeann comhairle, tacaíocht, tionscnamh tionscadal ealaíon nua agus comhairle maidir le cur chun feidhme na n ealaíon. Tá MA aici i Stair na hEalaíne agus fuair sí an scoláireacht Joy E. Feinberg le haghaidh ceannaireacht shármhaith sa chlár Máistir Ealaíon i Staidéir Mhúsaeim ó Ollscoil John F. Kennedy, Berkeley, California. Is léiritheoir amharc ealaíon nua aimseartha í i gcleachtais oideachais do lucht spéise spriocdhírithe nó leo agus tairgeann sí oiliúint, meantóireacht agus oiliúnú i gcuir chuige faoi stiúir fiosrúcháin i leith saothar ealaíne a eadránú d’ealaíontóirí, múinteoirí, oibrithe pobail. Má tá spéis agat in Oiliúint Ealaíon, Taighde agus Deiseanna Forbartha ag a bhfuil Tionchar ar Oideoirí, Ealaíontóirí agus Daoine Óga, déan teagmháil le Liz ag liz.coman@dublincity.ie

Liz coman
Shape graphic

Margarita Cappock

Chuaigh Margarita Cappock isteach i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in 1999 mar Bhainisteoir Tionscadail ar Thionscadal Stiúideo Francis Bacon ag Gailearaí Hugh Lane, ina raibh sí ina dhiaidh sin ina Ceann Bailiúchán agus ina Leas‑Stiúrthóir go dtí 2018 nuair a d’aistrigh sí chuig Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath mar Oifigeach Cúnta Ealaíon. Tá sí ina céimí ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus tá céim (Onóracha) BA aici i Stair na hEalaíne agus sa Fhraincis, MA in Ealaín Éireannach agus Ailtireacht, Ph.D i Stair na hEalaíne agus Dioplóma iarchéime i Riar na hEalaíon. 

D’fhorbair agus sholáthair sí príomh‑chomhoibrithe taispeántais le músaeim idirnáisiúnta san Eoraip, sa Rúis agus san Astráil. Is údar foilsithe í agus scríobhann sí ailt agus aistí léannta go rialta d’fhoilseacháin taispeántais agus irisleabhair ealaíne idirnáisiúnta agus náisiúnta. Sholáthair sí aoi-léachtaí, páipéir chomhdhála agus ghlac sí páirt mar phainéalaí plé i réimse éagsúil lucht spéise in Éirinn, an Ríocht Aontaithe, an Ostair, an Ghearmáin, an Astráil, an tSeapáin agus an Iodáil. Tá taithí fhairsing aici ar chomhpháirtíochtaí a shainaithint, a chaibidliú, a fhorbairt agus a chaomhnú le gníomhaireachtaí, líonraí agus daoine aonair seachtracha chun na healaíona a chur chun cinn. Is féidir léi meantóireacht, faisnéis, comhairle agus treoir a sholáthar timpeall réimse fhorbairt na n‑ealaíon lena n‑áirítear coimisiúin, taispeántais, cláreagrú poiblí, comhpháirtíochtaí acadúla, comhoibrithe trasdisciplíneacha agus scríbhneoireacht choimisiúnaithe. 

 

Má tá spéis agat i bhforbairt na n‑ealaíon déan teagmháil le Margarita ag margarita.cappock@dublincity.ie

Margarita Cappock
Shape graphic

Kelly Hickey

Bhí Kelly Hickey ina hOifigeach Cúnta Ealaíon le hOifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath ó bhí 2018 ann. Tá sí ag dul faoi oiliúint faoi láthair i gCúrsaí Straitéise agus Nuálaíochta i Scoil Ghnó Smurfit in COBÁC. Oibríonn Kelly le heagraíochtaí ealaíon gairmiúla agus cosmhuintire maidir le forbairt straitéise agus is idirghabhálaí ealaíon pobail í.

Tá PhD aici in Amharclannaíocht agus Cultúr nua‑aimseartha na hÉireann ó Ollscoil Edge Hill, an Ríocht Aontaithe. Lena tráchtas dar teideal ‘Northside Realism: Critique or Illusion?’ fiosraítear forbairt agus topagrafaíocht chathair Bhaile Átha Cliath agus ailínítear leis sin ceistiú ar an amharclannaíocht a bhaineann le scoil Réadúlacht an Tuaiscirt. 

Ba léachtóir í roimhe sin sa Taibhiú Feidhmeach agus Pobail ag ollscoileanna éagsúla trasna Iarthuaisceart Shasana agus bhí a gairm bheatha dírithe ar na healaíona agus taibhiú chun pobail agus déimeagrafaic spriocdhírithe a fhorbairt. Thug sí léachtaí ag comhdhálacha go hidirnáisiúnta lena n‑áirítear mar phríomhchainteoir mar chuid den tsraith Tá Tábhacht le Féiniúlacht in Ollscoil Uppsala sa tSualainn. Roimh a gairm acadúil, chuaigh sí ar camchuairt go hidirnáisiúnta le hIonad Acmhainní Ealaíon agus Pobail Axis i mBaile Munna agus róil cheannaireachta á n‑imirt aici in dhá cheann den chéad taibhiú drámaí leis an drámadóir a bhfuil fíorchlú air, Dermot Bolger. Bhí sí ina hEalaíontóir Amharclannaíochta Cónaithe Axis freisin in 2011/2012.

Má tá spéis agat sna hEalaíona le haghaidh Forbartha nó Pleanáil Straitéiseach agus Nuálaíochta le haghaidh d’eagraíochta, déan teagmháil le Kelly ag kelly.hickey@dublincity.ie 

Kelly Hickey
Shape graphic

Alison Clarke

Tá Alison Clarke ag obair le hOifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó bhí mí na Nollag 2023 ann nuair a ghlac sí páirt inti mar Oifigeach Rannpháirtíochta Pobal Cruthaitheach Éire Ildánach. Tá cúlra Alison sna healaíona beo agus tá BA aici sna hEalaíona Rince i gComhthéacs ó Fontys Hogeschool voor de Kunsten san Ísiltír.

Le deich mbliana anuas chruthaigh Alison saothair, agus chuaigh sí ar camchuairt leo, ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Theas agus béim ar thaispeántais thumthacha rince agus sorcais. I dteannta a hiarrachtaí ealaíonta d’oibrigh Alison go fairsing mar léiritheoir cruthaitheach in Éirinn, an Phortaingéil, an Ghearmáin agus an Ísiltír lena n áirítear modúil agus cúrsaí léiriúcháin cruthaitheacha a mhúineadh ag coláistí agus féilte ar fud na hEorpa. Tá Alison paiseanta freisin faoi bheartas agus cur chun feidhme EDI, rud a thug chomh fada le hoideachas leanúnach í i réimsí an mhíchumais agus an ionchuimsithe lena n áirítear an cúrsa maidir le Cultúir Ionchuimsitheacha Chlár Ceannaireachta Clore. Más spéis leat faisnéis a fháil maidir le clár Éire Ildánach laistigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath nó má tá ceisteanna agat maidir le hinrochtaineacht laistigh de na healaíona is féidir leat ríomhphost a chur chuig Alison ar alison.clarke@dublincity.ie

Alison clarke
Shape graphic

Rayne Booth

Is Oifigeach Ealaíon Gníomhach í Rayne Booth ag an Oifig Ealaíon. Is saorchoimeádaí agus saorléiritheoir í Rayne a raibh baint mhór aici leis an bpobal amharc-ealaíon in Éirinn ó 2004 i leith. I rith a gairme, dhírigh sí ar dheiseanna a chruthú d’ealaíontóirí agus don lucht féachana, agus chomhoibrigh sí go díreach le healaíontóirí chun smaointe nua a fhorbairt, chomh maith le saothair nua ealaíne agus bonneagar nua do na hamharc-ealaíona.

Is coimeádaí agus Stiúrthóir na healaíne comhaimseartha í Rayne san eagraíocht oideachais Superprojects, ina bhforbraíonn sí mórthionscadail choimisiúnaithe do pháistí agus do dhaoine óga le healaíontóirí ar nós Alice Rekab, Garreth Kennedy, Aileen Murphy, agus Forerunner, i measc daoine eile. Anuas air sin, mar Chomhordaitheoir an Contemporary Art Gallery Association, tá sí ag cur fhorbairt an togra nua Dublin Gallery Weekend chun cinn ó 2023 i leith. Bhainistigh Rayne turais na dtaispeántas náisiúnta in ionaid éagsúla, ag obair go dtí seo leis an mbeirt ealaíontóirí Éireannacha/Brasaíleacha Wagner/de Burca, an t-ealaíontóir Éireannach Marianne Keating atá lonnaithe i Londain, agus faoi láthair tá sí ag pleanáil céimeanna do thurais shaothar na n-ealaíontóirí Éireannacha Alice Rekab agus Barbara Knezevic. 

I measc na dtionscadal eile lena raibh baint aici le déanaí, tá: staidéar indéantachta a fhorbairt d’fhoireann Ealaíne Poiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus do thurais na dtaispeántas i seacht n-ionad ealaíon in Éirinn. In 2020, chuir sí clár TUCLA 2020, ‘UnSelfing’, ar fáil agus choimeád sí seóthaispeántas iarchéime an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha in 2021. Ba Choimeádaí Cláir í Rayne in Temple Bar Gallery and Studios, áit ar fhorbair sí treoracha nua don chlár ealaíontóra ó 2008 – 2018, agus ba chomhbhunaitheoir an spáis faoi threoir ealaíontóirí, Monstertruck 2006 - 2008, í.

Rayne Booth Portrait PM
Shape graphic

Foirne Oibríochtaí

 

Frank White

Tom Doyle 

Jonathan Ekwe

Paula Farrell

Cian Galvin