Skip to main content

Ba é an dáta deiridh le haghaidh tograí ná 12 meán lae Dé Céadaoin an 11 Deireadh Fómhair 2023.  Osclófar iarratais arís i mí Mheán Fómhair 2024 le haghaidh spásanna cónaitheachta in 2025. 

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath glao oscailte a fhógairt ar ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus eagraíochtaí Ealaíon a bhfuil spéis acu in iarratas a dhéanamh ar Scéim Cónaitheachta 2024, beidh feidhm ag an scéim ó mhí Eanáir 2024 go mí na Samhna 2024. Tá ceithre thairiscint ar spáis chónaitheachta ar fáil againn. Trí thairiscint ar spáis chónaitheachta le haghaidh tréimhsí aon mhí dhéag agus aon tairiscint amháin le haghaidh léasanna gearrthéarma.

Tá dhá réadmhaoin atá suite i bPáirc Hampstead, Baile Átha Cliath 9, suíomh fearainn páirce suaimhneach, in Albert Cottages  turas 15 nóiméad sa charr ó lár na cathrach. Tá dhá sheomra codlata, seomra comhluadair, cistin agus stiúideo beag/spás oibre i ngach teachín. Tá an réadmhaoin ar fáil le haghaidh spás cónaitheachta aon mhí déag.

Tá St Patrick’s Lodge suite laistigh de Pháirc Phádraig in aice le hArd-Eaglais Phádraig agus laistigh de shiúl cúig nóiméad ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath  Is páirc cathrach ghnóthach í. Tá dhá sheomra codlata, seomra comhluadair, cistin agus spás oibre beag sa réadmhaoin. Tá an réadmhaoin ar fáil le haghaidh spás cónaitheachta aon mhí déag.

Tá árasán dhá sheomra codlata in Wooden Buildings, Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2. Níl an réadmhaoin seo ar fáil ach le haghaidh léasanna gearrthéarma.

Tá gach ceann dár réadmhaoin feisithe go hiomlán agus tá teilifís, fón agus seirbhís Wi-Fi saor in aisce iontu.  Is é €750 in aghaidh na míosa an costas cíosa do gach réadmhaoin. Tá na spásanna ann ar mhaithe le cleachtas ealaíne a chur chun cinn agus ceaptar iad le haghaidh na cúise seo go sonrach. 

Féadfar mí dheireanach an chónaithe a laghdú le cúpla lá chun athrú thart a éascú. Beidh an socrú ligin leis an duine nó eintiteas aonair gan beann ar líon na ndaoine atá lonnaithe sa réadmhaoin.  

Ba é an dáta deiridh ar ar glacadh le tograí ná 12 meán lae Dé Céadaoin an 11 Deireadh Fómhair 2023. Osclóidh iarratasóirí arís ar an Submittable i mí Mheán Fómhair 2024 le haghaidh spásanna cónaitheachta in 2025.