Tabhair Cuairt ar Dhánlann The LAB

Tá saorchead isteach chuig Gailearaí LAB ó thús deireadh na bliana. Ní gá áirithintí a dhéanamh.
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine- 10:00am – 6:00pm
Satharn - 10:00am - 6:00pm
Domhnach, Laethanta Saoire Bainc agus Aoine an Chéasta - Dúnta
Chun eolas a fháil faoi áirithintí do thurais nó grúpaí, déan teagmháil linn
Suíomh
Tá LAB suite ar Shráid Uí Fhoghlú i gceantar Monto i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, in aice le Sráid Thalbóid agus Sráid Amiens.
Táimid béal dorais le Dance House agus timpeall an choirnéil ó Ghailearaí Oonagh Young agus ArtBox ar Shráid James Joyce. Ainmníodh Sráid Uí Fhoghlú i ndiaidh John Henry Foley, dealbhóir ón 19ú haois, a bhfuil cáil air as Leacht Dhónall Uí Chonaill ar Shráid Uí Chonaill. Ainmníodh Sráid James Joyce i ndiaidh an scríbhneora, James Joyce.
Rochtain
Tá LAB go hiomlán inrochtana do chathaoireacha rothaí. Tugann ardaitheoir atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí rochtain ar spásanna cleachtaidh ar an dara agus ar an gceathrú leibhéal, ar mezzanine Ghailearaí LAB ar an gcéad urlár agus ar na hOifigí Ealaíon ar an tríú agus ar an gceathrú leibhéal.
Leithris
Tá leithris ar gach urlár atá inrochtana do chathaoireacha rothaí agus a bhfuil aláram cúnaimh iontu. Tá áiseanna athraithe clúidíní le fáil ar an mbunurlár.
Insint Shóisialta
Tá insint shóisialta ag Gailearaí LAB chun cuidiú le cuairteoirí atá néara-ilchineálach. Tá sí ar fáil le híoslódáil mar pdf, nó mar insint a léitear os ard ar SoundCloud.
Tuilleadh Faisnéise
An bhfuil tú chun freastal ar thaibhiú, ar chleachtadh, ar cheardlann nó ar rang ag an LAB agus ceist agat faoi do chuairt? Glaoigh ar an bhfáiltiú ag 01 2225455 nó 01 2227842 agus beimid sásta comhairle agus faisnéis a thabhairt duit.
Ag taisteal chuig LAB
An bealach is giorra ón stad Luas is gaire, is é sin Busáras, atá 210 méadar de shiúl na gcos. Tabhair do d’aire go bhfuil an cosán sin míchothrom agus seans nach mbeadh sé oiriúnach do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Tá Busáras 9 nóiméad ó Iosta na Rinne agus 18 nóiméad ó Stáisiún Heuston ar Líne Dhearg an Luas.
An stad Luas ag Stáisiún Uí Chonghaile atá 280 méadar ó LAB de shiúl na gcos. Tá Stáisiún Uí Chonghaile 11 nóiméad ó Iosta na Rinne agus 19 nóiméad ó Stáisiún Heuston ar Líne Dhearg an Luas.
Freastalaíonn traenacha a théann chuig limistéir i dtuaisceart agus i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath ar Stáisiún Uí Chonghaile.
Chun a thuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí DART agus traenach chuig Stáisiún Uí Chonghaile, féach suíomh gréasáin Iarnród Éireann.
Ó na céimeanna taobh amuigh de Stáisiún Uí Chonghaile, tá sé 280 méadar chuig LAB. Téann an Luas ó Stáisiún Uí Chonghaile go dtí Busáras, an stad is gaire do LAB.
Tá LAB 550 méadar ó Shráid Uí Chonaill, áit a stopann na bealaí Bus Átha Cliath seo a leanas: 1, 4, 7, 7b, 7d, 9, 8, 11, 13, 14, 16, 29a, 31/a, 31b, 32, 33, 33x, 38, 38a, 38b, 40, 40b, 40d, 41, 41a, 41b, 41c, 41x 42, 43, 44, 46a, 46e, 116, 120, 122, 123, 130, 140 agus 747.
Féach suíomh gréasáin Bus Átha Cliath chun a thuilleadh eolais a fháil chun do thuras a phleanáil.
Tá roinnt racaí rothar suite ar Shráid Uí Fhoghlú.
Freastalaíonn stáisiúin Dublin Bikes ar Sráid Thalbóid agus ag Plás Deverell ar LAB freisin. Féach suíomh gréasáin Dublin Bikes chun a thuilleadh mionsonraí a fháil faoi rothar a fháil ar cíos agus úsáid a bhaint as an scéim.
Tá páirceáil sráide íoctha le fáil ar Sráid Uí Fhoghlú agus gar di sin tá carrchlós Irish Life Mall.
Ríomhadh na faid achair uile de réir Google Maps.