Skip to main content

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath dámhachtaithe Deontas na nEalaíon 2024 a fhógairt mar aon le dámhachtaithe Deontas na nEalaíon agus na Sparánachta Ealaíon roimhe seo. 

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2024 
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2024 (pdf) 

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2023 
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2023 (pdf) 

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2022 
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2022 (pdf) 

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2021  
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2021 (pdf) 

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2020 
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2020 (pdf)

Cé leis a nOibrímid 


Ba mhaith leis an Oifig Ealaíon buíochas a ghabháil lena lucht tacaíochta agus comhpháirtithe. Oibrímid le réimse leathan eagraíochtaí agus gnólachtaí ar fud gach foirm ealaíne i gCathair Bhaile Átha Cliath. Féach achoimre ar roinnt de na heagraíochtaí seo thíos. 

Is é Visual Artists Ireland an comhlacht ionadaíoch d’amharc-ealaíontóirí in Éirinn. Tugaimid tacaíocht phraiticiúil d’amharc-ealaíontóirí i ngach foirm ealaíne i rith a ngairmeacha ar fad. Téann ár seirbhísí abhcóideachta, comhairle agus ballraíochta i dteannta lenár lárionad nuachta forbartha gairmiúla agus ealaíne, rud a fhágann gurb í ár seirbhís tacaíochta agus eolais an tseirbhís is cuimsithí atá ar fáil d’amharc-ealaíontóir in Éirinn inniu. 
https://visualartists.ie/ga/ 

Is é is aidhm do Performing Arts Forum a bheith ina ghuth comhchoiteann ar son na dtaibhealaíon, agus ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí éagsúla na mball – lena n-áirítear compántas léiriúcháin opera, damhsa agus amharclannaíochta, ionaid, féilte agus ealaíontóirí aonair. 
www.performingartsforum.ie

Is é Create an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta do na healaíona comhoibríocha i gcomhthéacsanna sóisialta agus pobail. Is é an aidhm atá againn ná comhairle agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne a oibríonn go comhoibríoch le pobail i gcomhthéacsanna sóisialta agus pobail. Tacaíonn Create le healaíontóirí ar fud gach réimse foirmeacha ealaíne a oibríonn go comhoibríoch le pobail i gcomhthéacsanna difriúla sóisialta agus pobail, bíodh siad ina bpobail de réir suímh nó ina bpobail a tugadh le chéile ar bhonn suime. 
www.create-ireland.ie 

Is acmhainn agus eagraíocht seirbhíse é Dance Ireland a thacaíonn do gach foirm damhsa in Éirinn a fhorbairt. Is eagraíocht muid ina bhfuil os cionn 200 ball, cuirimid tionscnaimh oiliúna agus forbartha saincheaptha ar fáil do dhamhsóirí, cóiréagrafaithe agus compántais ar leibhéal áitiúil, leibhéal náisiúnta agus leibhéal idirnáisiúnta. Tá an fhoireann Dance Ireland suite in Dance House, ionad damhsa saindéanta a ligeann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath amach faoi cheadúnas. 
Is ionad náisiúnta barr feabhais é Dance House, ina bhfuil sé stiúideo atá saintógtha do chleachtadh damhsa, seomra acmhainne d’ealaíontóirí, cistin/seomra scíthe agus spásanna taispeántais. 
www.danceireland.ie 

Is í An Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht a cheap Rialtas na hÉireann chun na healaíona a fhorbairt. Oibrímid i gcomhpháirt le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, lucht déanta beartas poiblí agus le daoine eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na hÉireann. Faigheann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maoiniú ón gComhairle Ealaíon agus téann sí i gcomhairle léi maidir le hábhair a bhaineann leis na healaíona a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath. 
www.artscouncil.ie/baile

Is é Fáilte Ireland an tÚdarás Forbartha Náisiúnta Turasóireachta. Is é an ról atá againn ná tacú le tionscal na turasóireachta agus oibriú chun Éire a chothú mar áit ardchaighdeáin iomaíoch do thurasóirí. Cuirimid réimse tacaíochtaí praiticiúla gnó ar fáil chun cabhrú le gnóthaí turasóireachta bainistíocht agus margaíocht a dhéanamh ar a dtáirgí agus ar a seirbhísí ar bhealach níos fearr. 
www.failteireland.ie