Tuiscint ar Dheontais Ealaíon

Cuspóir na nDeontas Ealaíon
Is é an cuspóir atá le Clár Deontas Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ná tacú le Cleachtas Ealaíon, Rannpháirtíocht sna hEalaíona agus Forbairt Lucht Féachana agus Éisteachta i Limistéar Riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tríd an maoiniú a dhíriú ar iarratais ar thionscadail forbraíochta, oiliúint agus tacaíocht ghairme d’Ealaíontóirí, torthaí forbartha pobail trí ghníomhartha nó próisis ealaíon ardcháilíochta, agus béim uileghabhálach ar éagsúlacht agus comhionannas deiseanna.
Cineálacha Dámhachtainí
Tugann an Oifig Ealaíon tacaíocht do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí trí raon clár maoinithe. Leithdháiltear maoiniú trí phróiseas gairm oscailte arna bhreithniú ag painéal seachtrach saineolaithe sa tionscal. Tá a thuilleadh eolais faoi gach dámhachtain le fáil ar an leathanach ar leith a nasctar le gach dámhachtain.
Deontais Ioncaim
Baineann Deontais Ioncaim 2024 le heagraíochtaí Ealaíon a chuidíonn le tosaíochtaí agus spriocanna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhaint amach ar bhealach straitéiseach, agus féadfaidh siad feidhmiú mar thacadóirí agus tionscnóirí na n-ealaíon don phobal, do chomhpháirtithe i ngníomhaireachtaí eile agus do chomhlachtaí poiblí. Gealltar Deontas €10,000 do gach iarratasóir a n-éiríonn leis nó léi.
Deontais Dheonacha
Tacaíonn na deontais seo le cláir nó tionscadail ealaíon arna reáchtáil ag eagraíochtaí nó grúpaí deonacha a fhostaíonn ealaíontóirí gairmiúla agus a chuireann uaillmhian ealaíonta ghníomhaíochtaí na heagraíochta nó an ghrúpa a chur chun cinn go suntasach. Is idir €2,000.00 agus €10,000.00 a bhíonn sna deontais.
Deontais Chomharsanachta
Tacaíonn Deontais Chomharsanachta 2024 le tionscadail nó cláir ealaíon a thosaíonn le cónaitheoirí, eagraíochtaí pobail áitiúla a bhfuil spéis acu sna healaíona nó le healaíontóirí a chónaíonn i gcomharsanachtaí faoi leith nó ar spéis leo bheith ag obair iontu. Caithfidh comhoibriú láidir idir ealaíontóirí agus rannpháirtithe sa chomharsanacht a bheith ann i ngach tionscadal. €2,000.00 an deontas íosta atá ar fáil agus €10,000.00 an deontas uasta.
Deontais Tionscadal
Tacaíonn an Deontas Tionscadal le heagraíochtaí ealaíon agus le daoine aonair chun saothar nua a chur i láthair go poiblí i Limistéar Riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Bronntar deontais idir €5,000.00 agus €10,000.00 le haghaidh tionscadal a bhainfear amach laistigh den bhliain mhaoinithe.
Deontais Forbartha Pobail
Tá scéim phíolótach dhá bhliain á reáchtáil ag Oifig Ealaíon na Cathrach ag féachaint le heagraíochtaí Ealaíon agus Ealaíontóirí a chumhachtú chun leanúint de bheith ag obair go bríoch agus go héifeachtach i suíomhanna pobail agus tacú le cleachtóirí agus eagraíochtaí forbartha pobail ag an am céanna chun páirt a ghlacadh sna hEalaíona agus sult a bhaint as tairbhí na nEalaíon sna pobail áitiúla. Leithdháilfear €50,000 ar gach limistéar riaracháin de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar €5,000 ar a laghad agus €20,000 ar a mhéid.