Skip to main content

Páirtithe Leasmhara Straitéiseacha 


Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maoinithe ar bhonn bliantúil ag an gComhairle Ealaíon agus tá caidrimh straitéiseacha aici leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Cultúir, Fáilte Éireann, Bord Seirbhíse Óige Chathair Bhaile Átha Cliath agus Crios Forbartha Straitéisí Cheantar na nDugaí. 

Tá Oifig Ealaíon na Cathrach mar chuid de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freagrach do na 63 comhairleoir atá tofa chun ionadaíocht a dhéanamh do na cúig thoghlimistéar de chuid Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tuairiscíonn sí don Choiste Beartais Straitéisigh um Ealaíona, Cultúr, Áineas agus Pobal. Tuairiscíonn sí go rialta freisin do na Coistí Ceantair Áitiúil, agus d’Oifig an Ardmhéara, agus rannchuidíonn sí go rialta leo sin freisin. 

Shainaithin Oifig Ealaíon na Cathrach an pobal (saoránaigh agus cuairteoirí chuig Baile Átha Cliath) mar a phríomhpháirtí leasmhar, ach tá caidreamh tathantóra straitéiseach aici freisin le pobal na saothar ealaíne. Mar chuid de sin, áirítear ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, eagraíochtaí agus daoine aonair a fhéachann le bheith ag foghlaim faoi na healaíona nó le bheith rannpháirteach iontu. 

Tá Beartas straitéiseach Oideachas agus Fhoghlaim na nEalaíon á fhorbairt freisin ag Oifig Ealaíon na Cathrach chun aitheantas a thabhairt don chreidiúint atá againn go bhfuil ceart rochtana ag cách chun na nealaíon ar feadh a shaoil agus go bhfuil ceart ag cách freisin a bheith ag plé leo ar feadh a shaoil. Dréachtaítear an beartas freisin chun an bhuntuiscint a léiriú go bhfuil foghlaim ó thaithí ar cheann de na sócmhainní is láidre de na healaíona san oideachas foirmiúil agus seachfhoirmiúil.   

Chun teacht ar thuilleadh faisnéise maidir le plean Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le haghaidh na nealaíon agus rannpháirtíocht na nealaíon i mBaile Átha Cliath, féach ar ár bPlean Ealaíon

Comhpháirtíochtaí agus Cláir Ealaíon Áitiúil 


Is é atá i gceist le straitéis Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath chun tionscnaimh ealaíon áitiúil a fhorbairt agus tacú leo oibriú i gcomhar le heagraíochtaí reachtúla, forbartha pobail nó saorálacha ag a bhfuil eolas áitiúil, atá gníomhaíoch i bpobail agus ar féidir leo cuspóirí comhlántacha a chomhroinnt linn atá ar ardchaighdeán ealaíonta agus a bhaineann go sonrach le limistéar. 

Ar an mbealach céanna, ag obair le comhghleacaithe ar fud ranna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tá sé mar aidhm againn breisluach a thabhairt, acmhainní a uasmhéadú agus tacú le tionscnaimh ealaíon áitiúil i gcomharsanachtaí ar fud Bhaile Átha Cliath. 

Féach cláir chomhpháirtíochta shamplacha mar a leanas: 

Ealaíona Leanaí i Leabharlanna (Comhpháirtíocht ar fud na cathrach tríd an líonra leabharlainne áitiúil)  

Comhpháirtíocht Ealaíona na hÓige le Bord Seirbhíse Óige Chathair Bhaile Átha Cliath  

Gailearaí LAB  

Cé leis a dTacaímid 


Tá áthas ar Oifig Ealaíon Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath dámhachtaithe Deontas na nEalaíon 2024 a fhógairt mar aon le dámhachtaithe Deontas na nEalaíon agus na Sparánachta Ealaíon roimhe seo. 

<< PDFS TO USE DOWNLOAD CONTENT BLOCK WHEN AVAILABLE >>

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2024 
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2024 (pdf)  

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2023 
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2023 (pdf)  

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2022 
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2023 (pdf)  

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2021  
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2021 (pdf)

Dámhachtana Deontas agus Sparánachtaí Ealaíon Bliantúla le haghaidh 2020 
Íoslódáil liosta Dámhachtaithe 2020 (pdf)  

Cé leis a nOibrímid

 
Ba mhaith leis an Oifig Ealaíon buíochas a ghabháil lena lucht tacaíochta agus comhpháirtithe. Oibrímid le réimse leathan eagraíochtaí agus gnólachtaí ar fud gach foirm ealaíne i gCathair Bhaile Átha Cliath. Féach achoimre ar roinnt de na heagraíochtaí seo thíos. 

Is é Visual Artists Ireland an comhlacht ionadaíoch d’amharc-ealaíontóirí in Éirinn. Tugaimid tacaíocht phraiticiúil d’amharc-ealaíontóirí i ngach foirm ealaíne i rith a ngairmeacha ar fad. Téann ár seirbhísí abhcóideachta, comhairle agus ballraíochta i dteannta lenár lárionad nuachta forbartha gairmiúla agus ealaíne, rud a fhágann gurb í ár seirbhís tacaíochta agus eolais an tseirbhís is cuimsithí atá ar fáil d’amharc-ealaíontóir in Éirinn inniu. 
www.visualartists.ie 

Is é is aidhm do Performing Arts Forum a bheith ina ghuth comhchoiteann ar son na dtaibhealaíon, agus ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí éagsúla na mball – lena n-áirítear compántas léiriúcháin opera, damhsa agus amharclannaíochta, ionaid, féilte agus ealaíontóirí aonair. 
www.performingartsforum.ie 

Is é atá i gceist le Create an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta do na healaíona comhoibríocha i gcomhthéacsanna sóisialta agus pobail. Is é an aidhm atá againn ná comhairle agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne a oibríonn go comhoibríoch le pobail i gcomhthéacsanna sóisialta agus pobail. Tacaíonn Create le healaíontóirí ar fud gach réimse foirmeacha ealaíne a oibríonn go comhoibríoch le pobail i gcomhthéacsanna difriúla sóisialta agus pobail, bíodh siad ina bpobail de réir suímh nó ina bpobail a tugadh le chéile ar bhonn suime. 
www.create-ireland.ie 

Is acmhainn agus eagraíocht seirbhíse é Dance Ireland a thacaíonn do gach foirm damhsa in Éirinn a fhorbairt. Is eagraíocht muid ina bhfuil os cionn 200 ball, cuirimid tionscnaimh oiliúna agus forbartha saincheaptha ar fáil do dhamhsóirí, cóiréagrafaithe agus compántais ar leibhéal áitiúil, leibhéal náisiúnta agus leibhéal idirnáisiúnta. Tá an fhoireann Dance Ireland suite in Dance House, ionad damhsa saindéanta a ligeann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath amach faoi cheadúnas. 

Is ionad náisiúnta barr feabhais é Dance House, ina bhfuil sé stiúideo atá saintógtha do chleachtadh damhsa, seomra acmhainne d’ealaíontóirí, cistin/seomra scíthe agus spásanna taispeántais. 
www.danceireland.ie 

Is í An Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht a cheap Rialtas na hÉireann chun na healaíona a fhorbairt. Oibrímid i gcomhpháirt le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, lucht déanta beartas poiblí agus le daoine eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na hÉireann. Faigheann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maoiniú ón gComhairle Ealaíon agus téann sí i gcomhairle léi maidir le hábhair a bhaineann leis na healaíona a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath. 
https://www.artscouncil.ie/Baile/ 

Is é Fáilte Ireland an tÚdarás Forbartha Náisiúnta Turasóireachta. Is é an ról atá againn ná tacú le tionscal na turasóireachta agus oibriú chun Éire a chothú mar áit ardchaighdeáin iomaíoch do thurasóirí. Cuirimid réimse tacaíochtaí praiticiúla gnó ar fáil chun cabhrú le gnóthaí turasóireachta bainistíocht agus margaíocht a dhéanamh ar a dtáirgí agus ar a seirbhísí ar bhealach níos fearr. 
www.failteireland.ie