Skip to main content

Clár Ealaíne do Leanaí i Leabharlanna

Féachtar le Clár Ealaíne do Leanaí i Leabharlanna (CAL) deiseanna a chur ar fáil do leanaí ar gach aois dul i dtaithí na n-ealaíon ardchaighdeáin nuálach.

Ó bhí 2010 ann, d’oibrigh an Clár Ealaíne do Leanaí i Leabharlanna - tionscnamh de chuid Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath - i gcomhpháirt le Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath chun cláir nuálacha a sholáthar do leanaí ar fud réimse leathan foirmeacha ealaíne. 

Le blianta beaga anuas, thosaigh an Clár Ealaíne do Leanaí i Leabharlanna ar a thionscnamh Mol Cruthaitheach a fhorbairt.  Féachtar le Moil Chruthaitheacha eispéiris ealaíon ardchaighdeáin a chothú a bhfuil rochtain ag páistí, scoileanna agus teaghlaigh orthu ina leabharlanna agus ina gceantar, trí chomhpháirtíocht fheabhsaithe oideachais, pobail agus chultúrtha a fhorbairt. 

Clár Samhraidh Moil Chruthaitheacha Saor in Aisce 

Baile Formaid, An Chabrach, An Lár | An Chúlóg  

Agus é fós ar siúl i rith mhí Lúnasa, tá clár samhraidh Moil Chruthaitheacha saor in aisce lán le himeachtaí spraíúla agus gníomhaíochtaí ealaíne do pháistí faoi bhun 12 bhliain d’aois.   

Ó dhráma, scéalaíocht agus amharc-ealaíona don luath-óige, dearadh agus beochan, eachtraí damhsa ón mBrasaíl agus ceolchoirmeacha do theaghlaigh - tá an oiread sin spraoi ann. 

Cothaítear le Moil Chruthaitheacha eispéiris ealaíon ardchaighdeáin a bhfuil rochtain ag páistí, scoileanna agus teaghlaigh orthu ina leabharlanna agus ina gceantar, trí chomhpháirtíocht. Is tionscnamh é seo de chuid Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath agus Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath arna soláthar ag The Ark. 

Féach www.dublincitylibraries.ie le haghaidh na sonraí ar fad  

Cláir agus tionscadail gaolmhar

The LAB Gallery

The LAB Gallery supports emerging art practices and delivers a year round programme of free events.

An Dánlann LAB

Fiosrú agus Smaoineamh

Páistí agus Daoine Óga

Brigit

Tionóladh Brigit: Dublin City Celebrating Women (Mná á gCeiliúradh i gCathair Bhaile Átha Cliath) den tríú huair ón Déardaoin an 1 Feabhra go dtí Dé Luain an 5 Feabhra 2024. 

Ealaíona an phobail Féilte agus Imeachtaí

An Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta, Baile Átha Cliath

Tionólfar an fhéile bhliantúil i mbliana idir an 20 agus an 28 Bealtaine 2017. 

Féilte agus Imeachtaí