Straitéisí Amharcsmaointeoireachta

Is modheolaíocht teagaisc bunaithe ar thaighde iad Straitéisí Amharcsmaointeoireachta (VTS) atá bunaithe ar obair an tsíceolaí cognaíochta Abigail Housen agus an t-oideoir saineolaí músaeim Philip Yenawine.
A thacaíonn le smaoineamh agus mothú atá dírithe ar an bhfoghlaim agus duine ag féachaint ar ábhair ealaíne.
I gcaitheamh na dtrí bliana anuas, bhí Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath ag déanamh tástáil ar chleachtas Straitéisí Amharcsmaointeoireachta ina spás cathrach, The LAB Gallery. Trí bheith ag obair i gcomhar le leanaí agus múinteoirí i scoileanna áitiúla laistigh dá chlár nuálach um ealaíona san oideachas, Tionscadal 20/20, táimid ag foghlaim faoi conas a fhreagraíonn an modh seo do chuspóirí ealaíne, oideachais agus pobail.
In 2017, bronnadh tionscadal Erasmus+ dar teideal ‘Permission to Wonder – Supporting Schools to Implement the Visual Thinking Strategies Method to Support Learning with Visual Arts’. (nasc) ar Oifig Ealaíon Chathair Bhaile Átha Cliath. Sa tionscadal Permission to Wonder, forbrófar an modh Straitéisí Amharcsmaointeoireachta le haghaidh a úsáide i scoileanna agus in institiúidí cultúrtha tríd an modh a mhúineadh d’oideoirí ealaíne agus múinteoirí scoile in 2017-2020.
Seo a leanas comhpháirtithe an tionscadail:
- Éire – Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus LAB Gallery, Baile Átha Cliath
- An Ísiltír – VTS Nederland, An Ísiltír
- An Fhionlainn – The Finnish Museum of Photography, Heilsincí
- An Danmhairg – Muserum, Roskilde
- An Spáinn - CREA 360, Cocentaina
- An tSlóivéin - The Slovenian Association of Fine Arts Societies, Ljubljana
Bhaineamar triail as oiliúint agus ábhair acmhainne do mhúinteoirí a reáchtáil leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta freisin. Díríodh ár n-aird ar thacú le hoideoirí gairmiúla ó shuíomhanna luath-óige, múinteoirí bunscoile, múinteoirí (ealaíne) iar-bhunscoile; oideoirí ealaíne (saoroideoirí músaeim agus gailearaithe, lena n-áirítear ealaíontóirí a bhíonn ag teagasc. (nasc)
Forbairt Phearsanta i Straitéisí Amharcsmaointeoireachta
Leanann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta de bheith ag obair le chéile agus ag déanamh tástáil ar an mbealach oiliúna ‘d’oideoirí’ i leith Straitéisí Amharcsmaointeoireachta. Bunaítear forbairt na hoiliúna ar an meastóireacht ó oideoirí rannpháirteacha – ealaíontóirí, oideoirí ealaíne, múinteoirí bunscoile, múinteoirí (ealaíne) iar-bhunscoile, oideoirí eolaíochta agus oideoirí tríú leibhéal.