Beidh séasúr bliantúil an cheoldráma ar siúl i mí Lúnasa 2026 san Amfaitéatar ag Oifigí na Cathrach de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8.
Bíonn gach léiriú ceoldráma i bhfoirm ghiorraithe, insítear an scéal i mBéarla, agus maireann sé uair an chloig, rud a fhágann go n-oireann sé go foirfe don tréimhse lóin ó 1 i.n. go 2 i.n. Tá cead isteach saor in aisce, agus tá fáilte roimh chách!
Tá ardán ardaithe, limistéir shuíocháin agus ciumhaiseanna féarmhara san Amfaitéatar, atá an-oiriúnach do lón picnice. Tá rochtain áisiúil air ó Shráid an Fhíona agus cuirtear spás ar fáil d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Moltar don lucht freastail cúisíní, pluideanna agus cathaoireacha campála a thabhairt leo ar mhaithe le compord breise, más mian leo.
Léiríonn Opera faoin Aer thar aon amhras go bhfuil lucht mór éisteachta ann don cheoldráma i mBaile Átha Cliath. Anseo i gcroílár na cathrach, níl bealach ar bith níos fearr chun taitneamh a bhaint asan samhradh i mBaile Átha Cliath ná éisteacht le háiria nó dhó ag am lóin gach Déardaoin i gcaitheamh mhí Lúnasa.
Sonraí an Chláir 2026
- 6 Lúnasa - Madama Butterfly (Giacomo Puccini)
- 13 Lúnasa - Dido and Aeneas (Henry Purcell)
- 20 Lúnasa - Orphée Aux Enfers: Orpheus sa Domhan Thíos (Jacques Offenbach)
- 27 Lúnasa - Mórléiriú lena gceiliúrtar saothar Giuseppe Verdi