Skip to main content

Oíche Chultúir, Baile Átha Cliath

Is imeacht uile-Éireann bliantúil í Oíche Chultúir ina gceiliúrtar cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona. 

Ar Oíche Chultúir, cuireann eagraíochtaí ealaíon agus cultúrtha idir bheag agus mhór, lena n-áirítear Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta, síneadh ama lena n-uaireanta oscailte ionas go mbeidh rochtain níos mó ag an bpobal ar na himeachtaí. 

Eagraítear imeachtaí agus ceardlanna speisialta agus uathúla go sonrach i suíomhanna rannpháirteacha agus tá gach imeacht ar fáil saor in aisce. 

Tá fás tagtha ar Oíche Chultúir ó bheith ina himeacht cultúrtha ar scála sách mion nár tharla ach i mBaile Átha Cliath amháin in 2006 go himeacht cultúrtha suntasach náisiúnta mar atá sí anois, agus thart ar 350,000 duine ag tabhairt cuairt ar iarsmalanna, gailearaithe, tithe stairiúla, stiúideonna ealaíontóirí agus ionaid chultúrtha ar fud na tíre. Mealladh samhlaíocht an phobail agus suim ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúrtha leis an tionscnamh seo. 

Tá ról lárnach ag Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath in Oíche Chultúir Náisiúnta agus leanann comhpháirtíocht thábhachtach don seóthaispeántas cultúrtha náisiúnta bliantúil seo fós idir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. 

https://culturenight.ie/

Cláir agus tionscadail gaolmhar

The LAB Gallery

The LAB Gallery supports emerging art practices and delivers a year round programme of free events.

An Dánlann LAB

Clár Ealaíne do Leanaí i Leabharlanna

Féachtar le Clár Ealaíne do Leanaí i Leabharlanna (CAL) deiseanna a chur ar fáil do leanaí ar gach aois dul i dtaithí na n-ealaíon ardchaighdeáin nuálach.

Páistí agus Daoine Óga

Fiosrú agus Smaoineamh

Páistí agus Daoine Óga

Brigit

Tionóladh Brigit: Dublin City Celebrating Women (Mná á gCeiliúradh i gCathair Bhaile Átha Cliath) den tríú huair ón Déardaoin an 1 Feabhra go dtí Dé Luain an 5 Feabhra 2024. 

Ealaíona an phobail Féilte agus Imeachtaí