Skip to main content

Is clár ilghnéitheach de cheol beo é MusicTown a cruthaíodh chun domhan an cheoil a bhíonn ag athrú de shíor a léiriú. 

Áirítear leis an gclár seo bannaí popcheoil, amhránaithe turgnamhacha, virtuosos sa cheol clasaiceach comhaimseartha, amhránaithe is scríbhneoirí avant-garde, ceoltóirí nua sa seánra traidisiúnta agus ceol tíre, lucht an cheoil leictreonaigh, ceol gliondrach cóisire ón Meánoirthear, agus ceolfhoireann shiansach iomlán. 

Bhunaigh Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath MusicTown in 2015 mar thionscnamh chun ardán a chruthú ina bhféadfaí na stíleanna, finte agus seánraí ceoil uile a chastar i mBaile Átha Cliath a bhailiú le chéile in aon chlár amháin. Le hocht mbliana anuas tá an clár á thabhairt ar fud na cathrach, ó stiúideonna go páirceanna go séipéil go ceolárais. Tá saothar comhoibríoch ríthábhachtach déanta mar thoradh air, ní hamháin i measc ceoltóirí ach san amharclannaíocht, sa damhsa, sa litríocht agus sna hamharc-ealaíona freisin. Fiú amháin i rith dhá bhliain de phaindéim COVID, soláthraíodh clár spreagúil de thaibhithe beoshruthaithe agus scannáin cheoil bhunaidh ar líne. 

Chun gach eolas faoi MusicTown a fháil, tabhair cuairt ar www.musictown.ie

Cláir agus tionscadail gaolmhar

The LAB Gallery

The LAB Gallery supports emerging art practices and delivers a year round programme of free events.

An Dánlann LAB

Clár Ealaíne do Leanaí i Leabharlanna

Féachtar le Clár Ealaíne do Leanaí i Leabharlanna (CAL) deiseanna a chur ar fáil do leanaí ar gach aois dul i dtaithí na n-ealaíon ardchaighdeáin nuálach.

Páistí agus Daoine Óga

Fiosrú agus Smaoineamh

Páistí agus Daoine Óga

Brigit

Tionóladh Brigit: Dublin City Celebrating Women (Mná á gCeiliúradh i gCathair Bhaile Átha Cliath) den tríú huair ón Déardaoin an 1 Feabhra go dtí Dé Luain an 5 Feabhra 2024. 

Ealaíona an phobail Féilte agus Imeachtaí