Sonraí an Chláir 2026
- 6 Lúnasa - Madama Butterfly (Giacomo Puccini)
- 13 Lúnasa - Dido and Aeneas (Henry Purcell)
- 20 Lúnasa - Orphée Aux Enfers: Orpheus sa Domhan Thíos (Jacques Offenbach)
- 27 Lúnasa - Mórléiriú lena gceiliúrtar saothar Giuseppe Verdi
6 Lúnasa - Madama Butterfly (Giacomo Puccini)
- Cio-Cio-San: Deirdre Higgins
- B. F. Pinkerton: Jose Pazos
- Suzuki: Sarah Richmond
- Sharpless: Simon Morgan
- The Bonze: John Molloy
- Goro: Oisin O’Dalaigh
- Kate Pinkerton: Diana Salop
- An Coimisinéir Impiriúil: David O’Carroll
- Cór:
- Ciara Smith, Roisin O’Neill, Cliodhna Regan
- Yasmin O’Reilly, Maedhbh Hannafin, Leah Walsh
- Edward Finnegan, Aodhán Gavigan, Ryan O’Donnell
- James Connolly, Gregory Hayes, William Donovan
Stiúrthóir: Sandra Oman
Stiúrthóir Ceoil: David Wray
Is ceoldráma é Madama Butterfly a chum Giacomo Puccini. Tá an ceoldráma suite i Nagasaki na Seapáine ag tús an 20 haois agus insítear ann scéal tragóideach Cio-Cio-San, ar a dtugtar Butterfly, cailín óg Seapánach a phósann oifigeach cabhlaigh Meiriceánach, B. F. Pinkerton. Go gairid i ndiaidh an phósta, filleann Pinkerton ar Mheiriceá agus fágann sé Butterfly ina dhiaidh. Ar feadh trí bliana, fanann sí go dílis lena fhilleadh agus í ag tógáil a mic, nach eol do Pinkerton gurb ann dó. Nuair a fhilleann Pinkerton ar an tSeapáin faoi dheireadh in éineacht lena bhean chéile nua Mheiriceánach, Kate, féachann siad leis an leanbh a uchtú. Nuair a thuigeann Butterfly go bhfuil a cuid aislingí ina smidiríní agus nach bhfuil aon todhchaí aici le Pinkerton, toilíonn sí a mac a thabhairt suas agus ansin cuireann sí lámh ina bás féin, rud a thugann críoch chorraitheach thragóideach don scéal.
13 Lúnasa - Dido and Aeneas (Henry Purcell)
- Dido: Diana Salop
- Aeneas: James Connolly
- Belinda: Ciara Smith
- An Bandraoi: Yasmin O’Reilly
- An Dara Bean: Leah Walsh
- An Chéad Chailleach: Roisin O’Neill
- An Dara Cailleach: Maedhbh Hannafin
- An Spiorad: Neeve Batasan
- An Mairnéalach: Will Donovan
Stiúrthóir: Sandra Oman
Stiúrthóir Ceoil: David Wray
Is ceoldráma é Dido and Aeneas a chum an cumadóir Sasanach Henry Purcell ag deireadh an 17 haois, agus tá sé bunaithe ar an scéal grá miotaseolaíoch idir Dido, Banríon na Cartaige, agus Aeneas na Traí. Feiceann an Bandraoi, namhaid de chuid na Cartaige, go bhfuil an bheirt go mór i ngrá lena chéile agus beartaíonn sí leas a bhaint as sin chun an Chartag a scriosadh; cuireann sí ina luí ar Aeneas go bhfuil na déithe ag iarraidh air seoladh chun na hIodáile. Tá Aeneas idir dhá chomhairle, idir a ghrá do Dido agus a chreideamh sna déithe, agus, in ainneoin a dhrogall, seolann sé ar deireadh le cabhlach na Traí. Tar éis dó imeacht, cuireann Caoineadh cáiliúil Dido clabhsúr leis an gceoldráma
20 Lúnasa - Orphée Aux Enfers: Orpheus sa Domhan Thíos (Jacques Offenbach)
- Orphée: Edward Finnegan
- Euridice: Ciara Smith
- Pluto: To Be Confirmed
- Jupiter: Brendan Collins
- Tuairim an Phobail: Jasmin O’Reilly
- Diane/Cupid: Sorcha O’Regan
- Mercury: David O’Carroll
Stiúrthóir: Mary MacDonagh
Stiúrthóir Ceoil: David Wray
Is ceoldráma grinn le Jacques Offenbach é Orphée aux Enfers (Orpheus sa Domhan Thíos), a léiríodh den chéad uair in 1858. Is leagan aorach de mhiotas Gréagach Orpheus agus Eurydice é, ina gcuirtear an scéal traidisiúnta bunoscionn: in ionad a bheith ina leannáin dhílis, is ar éigean is féidir le Orphée agus Eurydice cur suas lena chéile. Nuair a fhuadaíonn Pluto Eurydice chuig an Domhan Thíos, tá ríméad ar Orphée fáil réidh léi go dtí go gcuireann an carachtar Tuairim an Phobail iallach air iarracht a dhéanamh í a tharrtháil. Is é a leanann ná greann bríomhar easurramach ina mbíonn déithe ag achrann, cleasa grá agus an Galop infernal cáiliúil—ar fearr aithne air inniu mar an can-can. Ní le tragóid a chríochnaíonn an ceoldráma ach ar bhealach greannmhar, agus Eurydice ag baint a saoirse amach agus ag seachaint filleadh ar a pósadh míshona
27 Lúnasa - Mórléiriú lena gceiliúrtar saothar Giuseppe Verdi
I measc na dtaibheoirí tá:
- Sylvia O’Brien
- Shauna Buckingham
- Andrew Gavin
- Simon Morgan
Stiúrthóir: Mary MacDonagh
Stiúrthóir Ceoil: David Wray
Ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an chumadóra Iodálaigh Giuseppe Verdi ón 19 haois, a bhfuil cáil air as saothair amhail La Traviata, Rigoletto agus Il Trovatore.