Beartas maidir le hÍocaíocht Chothrom Ealaíontóirí
Níl Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freagrach ach amháin as an obair, atá sannta agus comhaontaithe go sonrach roimh ré aici, a íoc leis an ealaíontóir.
Íocaíocht: €50 in aghaidh na huaire teagmhála / €20 in aghaidh na huaire ullmhúcháin (an líon uaireanta le comhaontú leis an Oifig Ealaíon roimh an gclár). Baineann an ráta sin le ceardlanna ‘aonuaire’. Is gá ráta cláir ceardlainne leathnaithe a chaibidliú ar bhonn tionscadal i ndiaidh tionscadail.
Ealaíontóir Cúnta: Féadfaidh iarratasóirí é a chur in iúl ar an bhfoirm iarratais más mian leo go gcuimhneofar orthu d’obair ealaíontóirí cúnta ó am go chéile. Tá ráta an Ealaíontóra Chúnta cothrom le €20 in aghaidh na huaire.
Ag cruinniú CBS um Ealaíona, Cultúr, Fóillíocht agus Pobal an 27 Samhain 2013, mhol Noel Kelly, Stiúrthóir Visual Artists Ireland an rún seo a leanas agus chomhaontaigh an Coiste Beartais Straitéisigh leis:
“Is é an rún a chuirtear i láthair anseo a iarraidh ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath beartas a chur i bhfeidhm á rá go ndéantar ealaíontóirí, i ngach foirm ealaíne a thugann faoi obair atá coimisiúnaithe nó a dhéantar ar bhealach eile thar ceann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, a íoc ar bhealach cothromasach, agus go gcuirtear beartas breise i bhfeidhm agus é á éileamh ar aon eagraíocht nó grúpa atá ag cur isteach ar mhaoiniú ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a léiriú go soiléir go ndéantar ealaíontóirí a fhostaítear mar chuid de na tionscadail iarratasóirí a íoc ar bhealach cothromasach mar choinníoll den fhoráil mhaoiniúcháin.”
Tá an rún sin mar chuid de Bheartas Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath anois i ndáil le healaíontóirí a íoc. Chun a áirithiú gur féidir leis an rún thuas teacht i bhfeidhm sa chleachtas, iarradh prótacal forlíontach.



