Cultúr a Fhorbairt - Tacar Uirlisí do Bhonneagar Cultúir
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (Oifig Ealaíon agus Pleanáil), ag obair le Turley and Arrow Architects, a d’fhoilsigh an Tacar Uirlisí, Cultúr a Fhorbairt, mar acmhainn a ghabhann le Caibidil 12, Cultúr, i bPlean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath.
Plean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath 2022‑2028
Éilítear leis na beartais sa phlean forbartha go gcuirfí 5% den spás i bhforbairt ar fáil d’úsáid chultúir agus/nó phobail sna cásanna seo a leanas:
- comhlíonann an fhorbairt na tairseacha in CUO25 (os cionn 10,000 méadar cearnach).
- tá sí lonnaithe laistigh de Limistéar Athghiniúna Forbartha Straitéisí (SDRA) chomh maith le roinnt Criosanna Forbartha Straitéisí (SDZanna) ina dteastaíonn forbairt ar sholáthar cultúir nó pobail.
Cuireann an Tacar Uirlisí roinnt den bhunábhar ar fáil chun cabhrú leis an bpróiseas trína soláthraítear bonneagar cultúir, trí chabhrú le forbróirí:
- fíor-riachtanas a shainaithint agus freagairt dó,
- dearadh le haghaidh úsáid chultúir atá sainmhínithe go soiléir, agus
- samhail seachadta a roghnú a bheidh oiriúnach don fhorbróir agus don oibreoir araon.
Tá achoimre ar ábhar an Tacair Uirlisí san fhíseán agus sa pdf faoin Tacar Uirlisí do Bhonneagar Cultúir thíos.
Tá cúig chroí-dhoiciméad, dhá nóta treorach agus trí acmhainn is Tacar Uirlisí sa Tacar Uirlisí, Cultúr a Fhorbairt:





Tá treochlár a léiríonn na trí chéim den seachadadh sa Chrann Cinntí áisiúil ar aon leathanach amháin thíos.





